Raghaidh, raghaidh - Fionán Mac Coluim


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Raghaidh, raghaidh, raghaidh gan amhras,
Raghaidh mo leanbh ar aonach na Samhna.
Raghaidh, raghaidh, raghaidh go díreach,
Raghaidh mo leanbh ar aonach Neidíneach.
Ceannóidh mé capall is ceannóidh mé claíomh dó
Is ceannóidh mé corn chun olla do shníomh dó.

Aistriúchán

My child will go, will go, will go,
My child will certainly go to the fair at Samhain.
My child will go, will go, will go,
My child will go directly to Kenmare fair.
I will buy a horse and I will buy a sword for him
And I will buy him a coil to spin wool.

Tráchtaireacht

D'fhoilsigh Fionán Mac Coluim 'Raghaidh, raghaidh' i mbailiúchán amhrán do pháistí dar teideal Cosa buidhe árda do’n aos óg cuid a haon (BÁC, 1916), 12. Cuireadh ar fáil é freisin in eagrán méadaithe le Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn dar teideal Cosa buidhe árda: cuid a haon (BÁC, 1922), 6-7. Casann Mac Coluim an curfá agus véarsa ar an taifeadadh seo. Rinne Carl Hardebeck cóiriú ar an amhrán i gcomhair pianó agus gutha le cur isteach i mbailiúchán de rainn do pháistí dar teideal Amhráiníní do’n aos óg gléasta i gcóir piano (Corcaigh, 1930), 5. Luann Hardebeck Mac Coluim mar fhoinse don aon amhrán déag ar fad atá ina leabhar.

Teideal i mBéarla: My child will go
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Fionán Mac Coluim as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad.