Gheobhair é - Fionán Mac Coluim


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Gheobhair é, a chailín, gheobhair,
Gheobhair é, gheobhair é, a chailín,
Lán do cheaintín d'ór.

Ó ró ró, mo chailín,
Cara mo chroí, mo chailín,
Ó ró ró, mo chailín,
Mo rún[1] is mo mhíle stór.

Aistriúchán

You will get it, you will get it, girl,
You will get it, girl, you will,
You will get it, you will get it, girl,
A canteen full of gold.

Oh ro ro, my girl,
My dear friend, my girl,
Oh ro ro, my girl,
My darling and my dearest love.

Fonótaí

Leg. riún? (Back)

Tráchtaireacht

D'fhoilsigh Fionán Mac Coluim 'Gheobhair, Gheobhair, a Chailín' in Duanaireacht do leanbhaíbh (BÁC, 1914), 31, agus i mbailiúchán amhrán do pháistí dar teideal Cosa buidhe árda do’n aos óg cuid a haon (BÁC, 1916), 10. Tá nodaireacht sólfá tonach den fhonn ar chúl Cosa buidhe árda mar a dtugann Mac Coluim le fios gurb é fonn 'An Smachdaoin Crón' nó 'The Heather Glen' atá le húsáid. Tá sé le fáil freisin in eagrán méadaithe le Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn dar teideal Cosa buidhe árda: cuid a haon (BÁC, 1922), 36. Tá Mac Coluim le cloisteáil ag casadh an chéad véarsa agus an churfá ar an taifeadadh seo. Chóirigh Carl Hardebeck an t-amhrán don phianó agus don ghuth i mbailiúchán rann do pháistí dar teideal Amhráiníní do’n aos óg gléasta i gcóir piano (Corcaigh, 1930), 6. Luann Hardebeck Mac Coluim mar fhoinse don aon amhrán déag atá ina leabhar.

Teideal i mBéarla: You will get it
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Fionán Mac Coluim as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad.