Tairse abhaile - Fionán Mac Coluim


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá dá[1] ghabhar is mionnán agam
Tá dá ghabhar is mionnán agam
Tá dá ghabhar is mionnán agam
Is pocán ceannann buí.

Tairse abhaile, a bháibín ó,
Tairse abhaile, a bháibín ó,
Tairse abhaile, a bháibín ó,
A bháibín ó mo chroí.

Aistriúchán

I have two goats and a kid
I have two goats and a kid
I have two goats and a kid
And a white-faced yellow he-goat.

Come home, little baby oh,
Come home, little baby oh,
Come home, little baby oh,
Little baby oh my darling.

Fonótaí

Maidir leis an d- a bheith gan séimhiú anseo cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 511. (Back)

Tráchtaireacht

Faoin ainm cleite 'Finghin na Leamhna' d'fhoilsigh Fionán Mac Coluim trí véarsa den amhrán seo, gan churfá, faoin teideal 'Tá Dhá Ghabhar 's Mionnán Agam' in Duanaireacht do leanbhaíbh (BÁC, 1914), 33-4. D'fhoilsigh sé freisin é faoin teideal 'Tair-se 'Bhaile a Bháibín Ó' in Cosa buidhe árda do’n aos óg cuid a haon (BÁC, 1916), 5. Tá sé ar fáil mar 'Tar a Bhaile, A Bháibín Ó' in Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn, Cosa buidhe árda: cuid a haon (eagrán méadaithe, BÁC, 1922), 10-11, áit a dtugtar seacht véarsa mar aon leis an bhfonn i nodaireacht sólfá tonach. Casann Mac Coluim an chéad véarsa agus an curfá ar an taifeadadh seo. Rinne Carl Hardebeck cóiriú ar an amhrán i gcomhair pianó agus gutha le cur isteach i mbailiúchán de rainn do pháistí dar teideal Amhráiníní do’n aos óg gléasta i gcóir piano (Corcaigh, 1930), 8. Luann Hardebeck Mac Coluim mar fhoinse don aon amhrán déag atá sa leabhar. Leagtar leagan Hardebeck ar an bhfonn 'An Chóisir'. Seinneann ceoltóirí uirlise in iarthar Chiarraí an fonn go minic mar shleamhnán dar teideal 'An Chóisir'. Is féidir gabháil de a chloisteáil, mar shampla, ar Séamus Begley agus Steve Cooney, Meitheal (Hummingbird Productions, 1996).

Teideal i mBéarla: Come you home
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Fionán Mac Coluim as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad.