Hóró damhas is damhas - Fionán Mac Coluim


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Hóró, damhas is damhas,
Is hóró, damhas go haerach,
Hóró, damhas is damhas,
Is damhas is damhas, a lao dhil.

Imbasa[1], ná rinc, ná rinc,
Imbasa, ná rinc sí inniubh,
Imbasa, ná rinc, ná rinc,
Ní raibh éinne sheinnfeadh port duit.

Is hóró, damhas is damhas
Is hóró, damhas go haerach,
Hóró, damhas is damhas,
Is damhas is damhas, a lao dhil.

Aistriúchán

Oh-ro, dance and dance,
And oh-ro, dance gaily,
Oh-ro, dance and dance,
And dance and dance, dear darling.

Indeed, she danced, she danced,
Indeed, she danced today,
Indeed, she danced, she danced,
There was no one who would play a tune for you.

Oh-ro, dance and dance,
And oh-ro, dance gaily,
Oh-ro, dance and dance,
And dance and dance, dear darling.

Fonótaí

= ambasa. (Back)

Tráchtaireacht

D'fhoilsigh Fionán Mac Coluim an t-amhrán seo i dtosach i mbailiúchán amhrán do pháistí dar teideal Cosa buidhe árda do’n aos óg (BÁC, 1916), 8. Foilsíodh é freisin i leagan méadaithe dar teideal Cosa buidhe árda: cuid a haon (BÁC, 1922), 20-1. Ar an taifeadadh seo casann Mac Coluim an curfá, an chéad véarsa agus ansin an curfá arís uair amháin eile. Tugann an leagan atá i gcló in Cosa buidhe árda do’n aos óg (BÁC, 1916) seacht véarsa agus an curfá, le nodaireacht sólfá tonach. Tá cúig véarsa agus an curfá le fáil in eagrán 1922. Rinne Carl Hardebeck cóiriú ar an amhrán i gcomhair pianó agus gutha le cur isteach i mbailiúchán de rainn do pháistí dar teideal Amhráiníní do’n aos óg gléasta i gcóir piano (Corcaigh, 1930), 1. Luann Hardebeck Mac Coluim mar fhoinse don aon amhrán déag atá sa leabhar sin.

Teideal i mBéarla: Oh-ro, dance and dance
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Fionán Mac Coluim as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:32 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:32 nóiméad ar fad.