Beidh ríl againn - Fionán Mac Coluim


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, beidh ríl againn, beidh ríl againn,
Beidh ríl againn Dé Domhnaigh,
Beidh ríl againn cois taobh an chnoic
Is an cailín deas á foghlaim.

Táimse in[1] grá le cailín deas,
Táimse in grá gan dabht léi
Táimse in grá le cailín deas,
Is pósfad í Dé Domhnaigh.

Aistriúchán

Oh, we will have a reel, we will have a reel,
We will have a reel on Sunday,
We will have a reel by the side of the hill
And the nice girl learning it.

I'm in love with a nice girl,
I am undoubtedly in love with her,
I'm in love with a nice girl,
And I will marry her on Sunday.

Fonótaí

Faightear an fhoirm in roimh chonsain sna Déise freisin. Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 506. (Back)

Tráchtaireacht

D'fhoilsigh an faisnéiseoir seo, Fionán Mac Coluim, trí véarsa den amhrán seo faoin ainm cleite 'Finghin na Leamhna', in Duanaireacht do leanbhaíbh (BÁC, 1914), 16-7. D'fhoilsigh sé ceithre véarsa in Cosa buidhe árda: cuid a haon (BÁC, 1924), 26-7. Tá leagan giorraithe le fáil in Donnchadh Ua Braoin, An cuaichín ceoil (BÁC, Béal Feirste, Corcaigh, c.1930), 11. Baintear úsáid as an bhfonn le haghaidh go leor amhrán eile atá greannmhar agus éadrom. Mar shampla, leagtar 'Pósadh an Phaoraigh', amhrán a chastar in áit eile i mbailiúchán Doegen, ar an bhfonn bunúsach céanna. Féach Breandán Breathnach, Ceol rince na hÉireann II (BÁC, 1976), 167-8, agus P.W. Joyce, Irish music and song ([BÁC], 1901), 21-2, le haghaidh samplaí eile d'amhráin a chastar leis an bhfonn seo.

Teideal i mBéarla: We will have a reel
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Fionán Mac Coluim as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d6, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1092d6, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:31 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d6, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1092d6, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad.