Condae Mhaigh Eo; Tá mo stóirín pósta - Seán Ó Coisdealbha


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Rachaidh mise inniu nó amárach go (Muileann an Ghearrsa thiar),
Agus bhéarfaidh mé (...) bheith sástaí ar ainnir (...),
In éis mo thurais bím sáraithe nuair a scaraim le grá mo chroí,
'Gus is náire nach mé a bhí in airde nach bpreabann (den bás) mo chroí.

**********

Tá mo stóirín póstaí, níl ógbhean mar í le baint,
' Thóigfeadh daom an brón seo, is í smóilín an bhrollaigh bháin,
Ní mhoithím torann a bróg ag goil an bóthar ná an machaire bán,
Agus fágaim le Rí an Domhnaigh gur leon sí an croí in mo lár.

Dá mbeadh... Dá mbeadh sé ina dhúch an fharraige is an talamh ina phaipéar bán,
Cleite mín ná garbh (...) atá ar loch ag snámh,
Cléircigh (cruinn le aoirigh) agus bíodh siad le fáil,
Caoithiúlacht mo mhéine ní scríobhfadh siad an dubh ar an mbán.

Ní fhanfaidh mé lá téarma ann nó go dté mé 'un an Oileáin Úir,
Mar a bhfagha mé mo hobáidh[1] gléastaí agus téadaí ar m'fhidil úr,
Bhuailfinn port le pléisiúr in Éire is gach baile cuain,
Agus (...).

Ach beag[2] go raibh mé fáltach gheobhfainn áras in mo thír bheag féin,
Ba agus caoirigh bána agus áit ina gcraithfinn síol ar chré,
Codladh fada samhraidh, greann mór dá dhéanamh dhúinn,
Ach beag go raibh mé... (...) gach lá breá ná bheith leatsa ag bruíon.

Aistriúchán

I will go today or tomorrow to Muileann (...) in the west (?),
And I will (...) to be happy (...) a young woman (...),
After my trip I am weary when I leave the love of my life,
And it is a shame that I was not above and(?) that my heart does not jump (...) (?).

**********

My darling is married, there is no young woman like her to be won,
Who would lift from me this sorrow, she is the white-breasted little darling,
I do not hear the sound of her shoe on the road or on the grassy plain,
And I leave it to the King of Sundays that she wounded the heart in my breast.

If the sea were ink and the land were white paper,
A smooth or rough feather (...) floating on a lake,
Clerks (...) and let them be available,
Of the pleasantness of my darling they would not write delusionally (?).

I will not stay a term day (?) there till I go the the New World,
Where I will have my oboe tuned and new strings on my new fiddle,
I would play a tune with pleasure in Ireland and every seaside village,
And (...).

If I were not feeble (?) I would get a house in my own little country,
Cows and white sheep and a place where I could throw seeds on the soil,
A long summer's sleep, great fun available for us,
If I were not... (...) every fine day than to be fighting with you.

Fonótaí

i.e. hautboy/oboe. (Back)
Leg. Ach chomh beag? Cf. Ach chomh beag an fear a raibh an caipín sonais air 'Only for the man with the caul' (Séamas Ó Catháin, Scéalta Chois Cladaigh: dá n-inseacht ag Seán Ó hEinirí (BÁC, 1983), 59, 61). (Back)

Tráchtaireacht

Tá dhá amhrán dhifriúla ar an taifeadadh seo. Tugadh 'Condae Mhuigh Eo' ar an gcéad véarsa ag am an taifeadta. Tugtar an teideal seo ar amhráin éagsúla. Cf. 'Liostáil mé le sergeant' (teideal malartach: 'Condae Mhaigh Eo') a chasann Tomás Ó Dubhthaigh agus 'Condae Mhaigh Eo' (teideal malartach: 'Cill Liadáin') a chasann Tomás Ó Lócháin in áiteanna eile i mbailiúchán Doegen.

Tá leaganacha de na véarsaí eile le fáil mar chuid den amhrán 'An Cailín Deas' in Tomás Ó Ceallaigh, Ceol na nOileán (BÁC, 1931), 61-2; eagrán nua le William Mahon, Ceol na nOileán: amhráin (Indreabhán, 1990), 46, 133. Tugann Ó Ceallaigh véarsa tosaigh breise, a thosaíonn mar seo: A Landlady na páirte, tá ’n bás ar mo chroí le tart. Luaitear an véarsa seo le hamhráin eile, 'Bean an Leanna' agus 'An Buachaillín Aerach' ina measc.

Teideal i mBéarla: County Mayo; My darling is married
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Coisdealbha as Co. Shligigh
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1930 ag 11:25:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 12-09-1930 ag 11:25:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1135g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1135g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:50 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1135g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1135g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 02:47 nóiméad ar fad.