Ó Coisdealbha, Seán
Nóta beathaisnéise
Ó Coisdealbha (Costello, Costelloe), Seán (John) (c.1848-?): I Muine Dhúltaigh, An Ghráinseach, contae Shligigh, a rugadh Seán Ó Coisdealbha timpeall na bliana 1848. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil Náisiúnta Bhinn Ghulbain. B'fheirmeoir a athair agus ba shiopadóir é féin. Chónaigh sé i Muine Dhúltaigh go dtí go raibh sé 33 bliain d'aois, ansin chónaigh sé i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ar feadh 25 bliain. Tugann sé seo le fios gur fhill Ó Coisdealbha ar an nGráinseach thart ar 1906. Bhí John Costello i gceantar Achadh Gaid, gar don Ghráinseach, i ndaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003254401/] agus tugtar feirmeoir air. Bhí úinéir siopa sa Ghráinseach ag an am céanna darbh ainm John Costelloe [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003254001/]; seans go raibh gaol eatarthu.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/170 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1135 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Condae Mhaigh Eo; Tá mo stóirín pósta - Seán Ó Coisdealbha |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1135g1 |
| Céadainm (Canónta) | Seán |
| Sloinne (Canónta) | Ó Coisdealbha |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | John |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Shligigh |
| Seoladh | An Ghráinseach, Co. Shligigh |
| Aois | 82 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Muine Dhúltaigh, An Ghráinseach, Co.
Shligigh |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Ghráinseach, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Muine Dhúltaigh, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Muine Dhúltaigh, Co. Shligigh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | I Muine Dhúltaigh, Co. Shligigh, go dtí aois a 33; ansin 25 bliana i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. |
| Oideachas | Bunscoil, Scoil Náisiúnta Bhinn Ghulbain, Co. Shligigh |
| Áit dúchais an athar | Maugheron (?), Co. Shligigh |
| Áit dúchais na máthar | Maugheron (?), Co. Shligigh |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Siopadóir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Speaker who is very old forgot his words, changed to another song and spoke very faintly." |
