Mullryan, Brigid
Nóta beathaisnéise
Mullryan (Ní Mhaoilriain), Brigid (Brighid) (c.1860-?): I gCluain Mhic Cáinín, An Móinteach, Baile Chláir, contae na Gaillimhe, a rugadh í timpeall na bliana 1860. Ní bhfuair sí aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fheirmeoir a hathair. Chónaigh sí sa Mhóinteach go dtí go raibh sí 27, agus chónaigh sí in Eadargúil, Cor an Dola, contae na Gaillimhe, ina dhiaidh sin. Is ansin a bhí sí lena teaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000814461/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002451610/]. Phós sí Michael Mulryan thart ar 1895. Bhí triúr iníonacha agus mac amháin acu. Bhí sí 80 bliain d'aois nuair a bhailigh Liam Mac Coisdealbha ábhar béaloidis uaithi i 1936. Tá ábhar béaloidis a bailíodh uaithi ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Luaitear í i ndialann Liam Mhic Coisdealbha (CBÉ, Iml. 185, 11/5/1936).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')


Gnéas | Baineann |
---|---|
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/180 |
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1148 |
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Na naoi rainn - Brigid Mullryan Cúig achainí na Maighdine - Brigid Mullryan |
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1148d1, LA_1148d2 |
Céadainm (Canónta) | Brigid |
Sloinne (Canónta) | Mullryan |
Leagan(acha) eile den chéadainm | Brighid |
Leagan(acha) eile den sloinne |
|
Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
Seoladh | Eadargúil, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
Aois | 70 |
Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
Áit bhreithe | Cloonacawneen (?), An Móinteach (Móinteach), Baile
Chláir, Co. na Gaillimhe![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() Powered by Leaflet |
Baile mór is gaire don áit bhreithe | Gaillimh |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Móinteach, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Móinteach, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Eadargúil, Baile Chláire, Co. na Gaillimhe |
Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
Áit dúchais an athar | Cloonacawneen (?), Baile Chláir, Co. na Gaillimhe |
Áit dúchais na máthar | An Móinteach, Co. na Gaillimhe |
Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
Náisiúntacht | Éireannach |
Máthairtheanga | Gaeilge |
Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Níl faisnéis ar fáil. |
In ann léamh? | Níl |
In ann scríobh? | Níl |
In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
Reiligiún | Caitliceach |
Slí bheatha | Níl faisnéis ar fáil. |
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Speaks with a very light voice." |