McEvey, Brigid

Nóta beathaisnéise

McEvey (Bean Mhic a' Bheithigh, Kilroy), Brigid (Brighid) (c.1861-?): Rugadh Brigid McEvey (née Kilroy) sa Choraidh, contae Shligigh, timpeall na bliana 1861. Feirmeoir a bhí ina hathair. Fuair sí beagán bunscolaíochta. Bhí sí ina cónaí sa Choraidh lena teaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003877771/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003276102/]. Phós sí George McEvey as Baile Átha Cliath timpeall 1888. Rugadh cúigear páistí dóibh, ach níor mhair ach ceathrar acu. Thug an bailitheoir béaloidis Liam Mac Coisdealbha cuairt uirthi i 1937. Bhí sí bodhar faoin am sin. Tá roinnt ábhar béaloidis a bailíodh uaithi ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, mar a bhfuil dialann Mhic Coisdealbha le fáil freisin (CBÉ, Iml. 427, 18/11/37; 22/11/37).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasBaineann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/189
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1158
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn fear beag riabhach rua (cuid 1) - Brigid McEvey
An fear beag riabhach rua (cuid 2) - Brigid McEvey
Maidin fhómhair is mé ag triall go hEochaill - Brigid McEvey
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1158g1, LA_1158g2, LA_1158g3
Céadainm (Canónta)Brigid
Sloinne (Canónta)McEvey
Leagan(acha) eile den chéadainmBrighid
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Mhic a' Bheithigh (Bean)
Contae dúchaisCo. Shligigh
SeoladhAn Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh
Aois69
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh
Baile mór is gaire don áit bhreitheBaile Chathail, Co. Shligigh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh
OideachasBeagán bunscolaíochta
Áit dúchais an atharAn Choraidh, Baile Chathail, Co. Shligigh
Áit dúchais na mátharMaigh Locha, An Choraidh, Co. Shligigh
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaBean feirmeora
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Maolra Díolún (= Myles Dillon), Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."First part (1) interupted and resumed. Language rather corrupt." (Myles Dillon)