Ó Cruadhlaoich, Pádraig
Nóta beathaisnéise
Ó Cruadhlaoich (Ó Cruadhlaoi, Crowley), Pádraig (Patrick, Gaedheal na nGaedheal) (c.1861-1949): I mBaile Bhuirne, contae Chorcaí, a rugadh Pádraig Ó Cruadhlaoich timpeall na bliana 1861. Ba tháilliúir ó Chill na Martra a athair, Diarmuid, agus ba í Máire Ní Loingsigh ó Bhaile Bhuirne a mháthair. Ba tháilliúr Pádraig chomh maith. Chónaigh sé in áiteanna éagsúla i gCo. Chorcaí agus é sna fichidí agus shocraigh sé síos i Maigh Chromtha ó 1885 ar aghaidh. Phós sé Nóra Ní Chríodáin in 1887, agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu. Bhí an teaghlach ina gcónaí ar Shráid an Chaisleáin i Maigh Chromtha le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000545268/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001970006/]. Is ansin a d’fhoghlaim Pádraig léamh agus scríobh na Gaeilge. Thosaigh sé ag scríobh filíochta agus amhrán faoin ainm cleite 'Gaedheal na nGaedheal'. Scríobh sé Óid an Oireachtais i 1908 agus bhuaigh sé an chéad duais don amhrán ab fhearr ag an Oireachtas i 1909. Bhí sé ina Uachtarán ar Dhámhscoil Mhúscraí ón am a bunaíodh é i 1926. Fuair Pádraig bás ar an 15 Márta 1949. Don ábhar seanchais a bailíodh uaidh féach, mar shampla, Donncha Ó Cróinín (eag.), Seanchas Phádraig Í Chrualaoi (BÁC, 1982). Don ábhar filíochta a scríobh sé féach, mar shampla, Pádraig Ó Cruadhlaoich, Filidheacht Phádraig Uí Chruadhlaoich (BÁC, 1936). Tá ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil chomh maith i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC). Tá cuid mhaith eolais faoi Phádraig Ó Cruadhlaoich cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=60. Tá breis eolais faoi ina dhírbheathaisnéis, Cuimhne Sean-leinbh (BÁC, 1946).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/11, Doegen P-B/12 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1041, LA 1042 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Pádraig Ó Cruadhlaoich Muintir Iarlaithe (cuid 1) - Pádraig Ó Cruadhlaoich Muintir Iarlaithe (cuid 2) - Pádraig Ó Cruadhlaoich |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1041d1, LA_1042d1, LA_1042d2 |
| Céadainm (Canónta) | Pádraig |
| Sloinne (Canónta) | Ó Cruadhlaoich |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chorcaí |
| Seoladh | Maigh Chromtha, Co. Chorcaí (nó Baile Bhuirne, Co.
Chorcaí) |
| Aois | 68.5 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Baile Bhuirne, Co. Chorcaí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Maigh Chromtha, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Baile Bhuirne, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Baile Bhuirne, Co. Chorcaí (go dtí aois a 18) |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Mainistir Fhear Maí; Mala; srl. (go léir i gCo. Chorcaí) |
| Oideachas | Bunscoil, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais an athar | Cill na Martra, in aice le Baile Bhuirne, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais na máthar | Baile Bhuirne, Co. Chorcaí |
| Slí bheatha an athar | Táilliúir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Tá (fidil, fadó) |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Táilliúir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
