Ó Sé, Pádraig

Nóta beathaisnéise

Ó Sé (Shea), Pádraig (Patrick) (c.1873-?): In Dhá Dhrom, Béarra, contae Chorcaí, a rugadh Pádraig Ó Sé, timpeall na bliana 1873. Chuaigh sé ar an mbunscoil i gCollrus, gar do Dhá Dhrom. B'fheirmeoir a athair, agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Chaith sé deich mbliana i Meiriceá agus é ina dhuine fásta (c. 1896-1906), agus ansin d'fhill sé abhaile go Dhá Dhrom. Chomh maith lena leagan de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (atá le fáil ar an suíomh seo thar dhá rian), thaifead Doegen cúpla amhrán le Diarmaid ó Sé na Bolgaí (féach http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1225) uaidh, mar aon le píosa dar theideal ‘Tráthnóinín Déanach’; ní mhaireann siad seo, áfach, toisc gur briseadh an mhaitrís chéarach ar an mbealach go Beirlín agus níor táirgeadh aon cheirnín seileaic.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/45, Doegen P-B/46
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1075, LA 1076
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach (cuid 1) - Pádraig Ó Sé
An mac scaiptheach (cuid 2) - Pádraig Ó Sé
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1075d1, LA_1075d2
Céadainm (Canónta)Pádraig
Sloinne (Canónta)Ó Sé
Leagan(acha) eile den chéadainmPatrick
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Shea
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhDhá Dhrom, Béarra, Co. Chorcaí
Aois55
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheDhá Dhrom, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Dhá Dhrom, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Dhá Dhrom, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20I Meiriceá ar feadh 10 mbliana (ó aois a 23); an chuid eile in Dhá Dhrom, Co. Chorcaí.
OideachasBunscoil, Calarus (?), gar do Dhá Dhrom, Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharDhá Dhrom, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharDhá Dhrom, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."he/ha mit weich[em] klingenden Einschlag gering nasalierend, mittlere Stimmkraft, geringe stimmlose Konsonanz. BeimSingen kräftig nasalierend." (Wilhelm Doegen)