An mac scaiptheach (cuid 2) - Pádraig Ó Sé


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do thosnaigh an t-athair air teacht isteach. Agus ní raghadh sé isteach. Dúirt sé leis an athair, "Tháimse anso in aonacht leatsa i gcónaí agus níor bhriseas riamh na haitheanta. Agus níor thugais fiú an mhionnáin dom do dhéanfadh mé sóch lem chairde. Agus do mhac a tháinig abhaile tar éis a choda do chaitheamh go sprionlaithe gan (chúr), do mharaís dó-san an gamhain ramhar."

Dúirt an t-athair, "A mhic, tánn tú in aonacht liomsa anso i gcónaí. Agus is leat mo chuid go léir don tsaol dá bhfuil agam. Ach do bhí sé ceart dúinn a bheith suáilceach pléisiúrtha nuair a tháinig do dheartháir abhaile. Agus bhí sé marbh ach do fuarthas é. Tháinig sé ina bheathaidh. Cailleadh é agus do fuarthas é.

Aistriúchán

The father pleaded with him (?) to go in. And he wouldn't go in. He said to the father, "I'm here with you all the time and I never broke the commandments. And you never even gave me a kid that I could enjoy with my friends. And your son who came home after spending all he had meanly and without (...), you killed the fatted calf for him."

The father said, "Son, you are with me here always. And all that I have in life is yours. But it was right for us to be joyful and cheerful when your brother came home. And he was dead but he was found. He came back to life. He was lost and he was found.

Tráchtaireacht

Tá an insint seo de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (Lúcás 15:11-32) (mar aon le cuid 1 ón gcainteoir céanna) bunaithe ar leagan a tugadh don chainteoir roimh ré. Féach Peadar Ua Laoghaire, Na cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (BÁC, 1915), 191-2. Moladh don chainteoir an scéal a chur in oiriúint dá chanúint féin.

Teideal i mBéarla: The prodigal son (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Sé as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 11:40:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 11:40:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1075d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:59 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1075d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:59 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1075d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1075d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad.