Ó Loingsigh, Amhlaoibh
Nóta beathaisnéise
Ó Loingsigh (Ó Luínse, Lynch), Amhlaoibh (Humphrey, Free, Fruí) (1872-1947): Duine de sheanchaithe móra a linne. I gCúil Aodha, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 8 Nollaig 1872, agus is ansin a bhí sé ina chónaí lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000546894/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001973009/]. Conchúr (nó Canaí Mháire Ní Dhuinnín) ab ainm dá athair agus ba í Neil Ní Dhuinnín ó Chlaoideach, contae Chiarraí, a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus seachtar deirfiúracha aige. Chuaigh Amhlaoibh ar scoil i gCúil Aodha. Fuair sé áitreabh a athar mar oidhreacht agus phós sé Máire Ní Ríordáin ó Chluain Tí Cairtigh i gCill na Martra agus bhí beirt mhac agus beirt iníon acu. Bhuaigh Amhlaoibh duaiseanna sa scéalaíocht ag Feis Inse Geimhleach (1899) agus ag Feis Bhaile Bhuirne (1900). Ba é a bhuaigh an chéad duais riamh sa scéalaíocht ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1901. Fuair sé bás ar an 24 Eanáir 1947. D'fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann dhá chnuasach d'ábhar béaloidis a bailíodh uaidh: Seán agus Donncha Ó Cróinín (eag.), Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (BÁC, 1971) agus Seán agus Donncha Ó Cróinín (eag.), Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (BÁC, 1980). Tá roinnt mhaith ábhair a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá breis eolais faoina bheatha le fáil sna saothair sin agus in Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, Beathaisnéis (9 n-iml., BÁC, 1986-2007) nó ar Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=755.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/3, Doegen P-B/4 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1033, LA 1034 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Amhlaoibh Ó Loingsigh Seán gadaí - Amhlaoibh Ó Loingsigh Eascaine Liam na Buile - Amhlaoibh Ó Loingsigh Uimhreacha - Amhlaoibh Ó Loingsigh |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1033d1, LA_1034d1, LA_1034d2, LA_1034d3 |
| Céadainm (Canónta) | Amhlaoibh |
| Sloinne (Canónta) | Ó Loingsigh |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Free |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chorcaí |
| Seoladh | Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Aois | 55 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Maigh Chromtha, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Oideachas | Bunscoil, Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais an athar | Cúil Aodha, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais na máthar | Claoideach (Claedeach), Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
