Ó Ceithearnaigh, Máirtín
Nóta beathaisnéise
Ó Ceithearnaigh (Carney, Ó Ceárna), Máirtín (Martin) (c.1863-?): Ar an gCloch Bhreac, an Fhairche, contae na Gaillimhe, a rugadh Máirtín Ó Ceithearnaigh timpeall na bliana 1863. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fheirmeoir é a athair agus b'fheirmeoir agus mairnéalach é féin. Ba í Bridget Carney a mháthair. Bhí sé ina chónaí ar an gCloch Bhreac le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000836981/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002428707/]. Phós sé Margaret Carney timpeall na bliana 1888. Bhí beirt iníonacha agus mac amháin acu. I gCnuasach Bhéaloideas Éireann, tá cur síos ag an mbailitheoir Proinnsias de Búrca ar an gcéad uair a chas sé le Máirtín, agus é ag iascaireacht, i 1935. De réir de Búrca, is sa 'teach is faide siar sa ngleann', teach idir dhá chnoc, i 'nGleann Tréig, Cloich Bhric' a bhí cónaí ar an teaghlach nuair a thug sé cuairt ar Mháirtín. I 1941, bhí mac pósta agus bean a mhic agus a gclann sa teach céanna leis. Tá ábhar béaloidis uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Tá cuntais ag Proinnsias de Búrca ina dhialanna air faoin ainm Máirtín Ó Ceárna (CBÉ, Iml. 343, 25/9/1935.; CBÉ, Iml. 873, 15/7/1941, 20/7/1941).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Gnéas | Fireann |
---|---|
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/146 |
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1106 |
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Dán Dhonncha Mhóir - Máirtín Ó Ceithearnaigh |
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1106g1 |
Céadainm (Canónta) | Máirtín |
Sloinne (Canónta) | Ó Ceithearnaigh |
Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
Seoladh | Gleann Tréig, An Fhairche, Co. na Gaillimhe![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() Powered by Leaflet |
Aois | 67 |
Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
Áit bhreithe | An Chloch Bhreac, An Fhairche, Co. na Gaillimhe |
Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Fhairche, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe |
Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
Áit dúchais an athar | An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe |
Áit dúchais na máthar | An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe |
Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
Náisiúntacht | Éireannach |
Máthairtheanga | Gaeilge |
Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Níl aon teanga eile aige. |
In ann léamh? | Níl |
In ann scríobh? | Níl |
In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
Reiligiún | Caitliceach |
Slí bheatha | Feirmeoir agus mairnéalach |
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille, M. Díolún (= Myles Dillon) |
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |