Ó Droma, Seán
Nóta beathaisnéise
Ó Droma (Ó Dromma, Drummy), Seán (c.1904-?): Sa Rinn, contae Phort Láirge a rugadh Seán Ó Droma, timpeall na bliana 1904, agus is ansin a bhí sé ina chónaí lena mhuintir le linn dhaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003478871/]. D'fhreastail sé ar an mbunscoil ann. B'fheirmeoir agus iascaire a athair agus ba mhótarmheicneoir é Seán tráth a rinneadh an taifead. Thaifead Doegen dhá amhrán ó Sheán: ‘Róisín Dubh’ and ‘Bríd Gheal Bhán’. Ní mhaireann an dara ceann acu sin toisc gur briseadh an mhaitrís chéarach ar an mbealach go Beirlín agus níor táirgeadh aon cheirnín seileaic.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')



Gnéas | Fireann |
---|---|
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/17, Doegen P-B/18, Doegen P-B/19 |
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1047, LA 1048, LA 1049 |
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Róisín Dubh - Seán Ó Droma |
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1047d1 |
Céadainm (Canónta) | Seán |
Sloinne (Canónta) | Ó Droma |
Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
Contae dúchais | Co. Phort Láirge |
Seoladh | An Rinn, Co. Phort Láirge![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() Powered by Leaflet |
Aois | 24 |
Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
Áit bhreithe | An Rinn, Co. Phort Láirge |
Baile mór is gaire don áit bhreithe | Dún Garbháin, Co. Phort Láirge |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Rinn, Co. Phort Láirge |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Rinn, Co. Phort Láirge |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Rinn, Co. Phort Láirge |
Oideachas | Bunscoil, Co. Phort Láirge |
Áit dúchais an athar | An Rinn, Co. Phort Láirge |
Áit dúchais na máthar | An Rinn, Co. Phort Láirge |
Slí bheatha an athar | Iascaire agus feirmeoir |
Náisiúntacht | Éireannach |
Máthairtheanga | Gaeilge |
Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Beagán Béarla |
In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
Reiligiún | Caitliceach |
Slí bheatha | Mótarmheicneoir |
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen |
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Nasalisierte k/w Laute." (Wilhelm Doegen) |