Ó Luineacháin, Diarmaid

Nóta beathaisnéise

Ó Luineacháin (Ó Luineaháin, Linehan, Lenihan), Diarmaid (Jer, Jeremiah) (1854-?): I gCluain Droichead, contae Chorcaí, a rugadh é sa bhliain 1854. Baisteadh é ar an 20 Iúil 1854. Ba iad Jeremiah Lenihan, gabha, agus Mary Murphy a thuismitheoirí. Ba ghabha é féin chomh maith, cé go raibh sé ar scor tráth thaifeadtaí Doegen. D'fhreastail sé ar an mbunscoil i gCluain Droichead. Agus é ina dhuine fásta, chaith sé 20 bliain i Maigh Chromtha, agus ina dhiaidh sin chuir sé faoi i gcathair Chorcaí. Is ansin a bhí sé lonnaithe le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000514507/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001860676/]. Phós sé a bhean chéile, Mary, thart ar 1881. Bhí ochtar páistí acu.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/27, Doegen P-B/28
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1057, LA 1058
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAsal Charraig an Phúca - Diarmaid Ó Luineacháin
Ag bun Ros na Coille - Diarmaid Ó Luineacháin
Is fada dhom ar buaireamh - Diarmaid Ó Luineacháin
Ceo draíochta - Diarmaid Ó Luineacháin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1057d1, LA_1057d2, LA_1058d1, LA_1058d2
Céadainm (Canónta)Diarmaid
Sloinne (Canónta)Ó Luineacháin
Leagan(acha) eile den chéadainmJer
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Luineaháin
  • Linehan
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhCathair Chorcaí (nó Cluain Droichead, Co. Chorcaí)
Aois73
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCluain Droichead, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheMaigh Chromtha, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Maigh Chromtha, Co. Chorcaí (20 bliain); agus cathair Chorcaí.
OideachasBunscoil, Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharCeann Toirc, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharCluain Droichead, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharGabha
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Tá (sheinn ar an bhfidil fadó)
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaGabha (ar scor)
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."geringe Stimmkraft u[nd] Konsonanz mh/[ha?] mit [w?] hartem Einschlag. schnelles Tempo." (Wilhelm Doegen)