Ó Síocháin, Conchúr
Grianghraif

Conchúr Ó Síocháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Nóta beathaisnéise
Ó Síocháin (Ó Síothcháin, Sheehan), Conchúr (Conchubhar, Cornelius) (1866-1941): Ar Oileán Chléire, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 18 Feabhra 1866, agus is ann a fuair sé a chuid bunscolaíochta. Is ansin a bhí sé ina chónaí le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000591721/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002020359/]. B'fheirmeoir agus iascaire é. Ba cheardaí é chomh maith, agus tá cathaoir uilleann shúgáin dá dhéantús in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Níor phós sé riamh. Fuair sé bás ar an 3 Feabhra 1941. Sholáthraigh sé píosaí seanchais agus ceoil don Lóchrann i 1930-31. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá roinnt eolais faoi Chonchúr Ó Síocháin cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=116. Tá breis eolais faoina bheatha sa leabhar Seanchas Chléire (BÁC, 1940), ina bhfuil ábhar a bhailigh Ciarán agus Mícheál Ó Síocháin uaidh. Tá sé aistrithe go Béarla ag Riobárd P. Breathnach faoin teideal The man from Cape Clear (BÁC, 1975).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')


Gnéas | Fireann |
---|---|
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/9, Doegen P-B/10 |
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1039, LA 1040 |
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Conchúr Ó Síocháin Ládáil loinge de chataibh - Conchúr Ó Síocháin Bean an leasa - Conchúr Ó Síocháin |
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1039d1, LA_1040d1, LA_1040d2 |
Céadainm (Canónta) | Conchúr |
Sloinne (Canónta) | Ó Síocháin |
Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
Contae dúchais | Co. Chorcaí |
Seoladh | Cléire, Co. Chorcaí![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() Powered by Leaflet |
Aois | 61 |
Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
Áit bhreithe | Cléire, Co. Chorcaí |
Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Sciobairín, Co. Chorcaí |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Cléire, Co. Chorcaí |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cléire, Co. Chorcaí |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Cléire, Co. Chorcaí |
Oideachas | Bunscoil, Cléire, Co. Chorcaí |
Áit dúchais an athar | Cléire, Co. Chorcaí |
Áit dúchais na máthar | Cléire, Co. Chorcaí |
Slí bheatha an athar | Feirmeoir agus iascaire |
Náisiúntacht | Éireannach |
Máthairtheanga | Gaeilge |
Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Fíorbheagán Béarla |
In ann léamh? | Níl |
In ann scríobh? | Níl |
In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
Reiligiún | Caitliceach |
Slí bheatha | Feirmeoir |
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "leise St[imme]" (Wilhelm Doegen) |