Breathnach, Séamas

Nóta beathaisnéise

Breathnach (Breanhach, Walsh), Séamas (James) (c.1888-?): I gCnoc an Dúin, Baile Mhac Óda, contae Chorcaí, a rugadh Séamas Breathnach, timpeall na bliana 1888. D'fhreastail sé ar bhunscoil gar do Chnoc an Dúin. B'fheirmeoir a athair agus ba shiopadóir agus iascaire é féin. Seans go mbaineann na taifid daonáirimh seo a leanas lena theaghlach: http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000598437/ (1901), http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002033822/ (1911). Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/13, Doegen P-B/14
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1043, LA 1044
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoPósadh an Phaoraigh - Séamas Breathnach
Pósadh an Phaoraigh - Séamas Breathnach
An mac scaiptheach - Séamas Breathnach
Uimhreacha - Séamas Breathnach
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1043d1, LA_1043d2, LA_1044d1, LA_1044d2
Céadainm (Canónta)Séamas
Sloinne (Canónta)Breathnach
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Breanhach
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhCnoc an Dúin, Baile Mhac Óda, Co. Chorcaí
Aois40
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCnoc an Dúin, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheEochaill, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Cnoc an Dúin, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Cnoc an Dúin, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Cnoc an Dúin, Co. Chorcaí
OideachasBunscoil, gar do Chnoc an Dúin, Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharCnoc an Dúin, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharCnoc an Dúin, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaSiopadóir agus iascaire
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tadhg Ó Donnchadha, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.