Mullrooney, Eileen

Nóta beathaisnéise

Mullrooney (Ní Mhaolrúnaigh, Mulrooney), Eileen (Eibhlín, Ellen) (c.1856-?): I Lios an Bhrogaí, Béal Átha Ghártha, contae na Gaillimhe, a rugadh í timpeall na bliana 1856. Ní bhfuair sí aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fhíodóir a hathair. Agus í ina bean fhásta, bhí cónaí uirthi ar feadh deich mbliana i gCluain Laighean, Béal Átha Ghártha, agus ina dhiaidh sin sa Tulaigh, Béal Átha Ghártha. Is ansin a bhí sí le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000834212/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000834212/]. Phós sí James Mulrooney thart ar 1882. Rugadh naonúr páistí dóibh, ach níor mhair ach cúigear acu.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasBaineann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/176
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1141
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAindrias Ó Lócháin agus an sagart - Eileen Mullrooney
Péarlaí deas an tSléibhe Bháin - Eileen Mullrooney
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1141g1, LA_1141g2
Céadainm (Canónta)Eileen
Sloinne (Canónta)Mullrooney
Leagan(acha) eile den chéadainmEllen
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ní Mhaolrúnaigh (leg. Uí Mhaolrúnaigh?)
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhAn Tulaigh, Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
Aois74
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheLios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheBéal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Lios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 2010 mbliana i gCluain Laighean, Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe; ina dhiaidh sin sa Tulaigh, Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharLios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharLios an Bhrogaí (Lios a' Bhrogaigh), Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFíodóir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (beagán Béarla)
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheatha Níl faisnéis ar fáil.
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.