Ó Sé, Tadhg
Tue, 11/29/2011 - 15:39 | by Eoghan
Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.
Nóta beathaisnéise
Ó Sé (Ó Séaghdha), Tadhg (c.1881-?): I gCathair Dónall, contae Chiarraí, a rugadh Tadhg Ó Sé, timpeall na bliana 1881. Tá ábhar eile a bhailigh Tadhg Ó Murchadha uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/43, Doegen P-B/44 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1073, LA 1074 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Dáth do Barra ag lorg déirce - Tadhg Ó Sé Ríocht na bhfear gcalma - Tadhg Ó Sé |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1073d1, LA_1074d1 |
| Céadainm (Canónta) | Tadhg |
| Sloinne (Canónta) | Ó Sé |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Aois | 47 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Oideachas | Bunscoil, Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais an athar | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Cathair Dónall, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "mh/ha mit geringem klingendem Einschlag nasalierende, geringe Stimmkrift mittlere stimml[ose] Konsonanz - heisere belegte Stimme [-] leiser." (Wilhelm Doegen) |
