Ó hArachtáin, Pádraig
Nóta beathaisnéise
Ó hArachtáin (Ua hArachtáin, Ó Harachtáin, Harrington), Pádraig (Pat, Patrick) (c.1904-?): In Eadargóil, Béarra, contae Chorcaí, a rugadh Pádraig Ó hArachtáin timpeall na bliana 1904. D'fhreastail sé ar an mbunscoil ansin. Is ansin a bhí sé ina chónaí lena mhuintir le linn dhaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001826545/]. Ba iad John agus Mary Harrington a thuismitheoirí. Feirmeoirí ba ea a athair agus é féin. Tá ábhar eile a bailíodh uaidh do Bhailiúchán na Scol ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/51, Doegen P-B/52 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1081, LA 1082 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Émhic an bhradáin agus Ómhic an bhradáin - Pádraig Ó hArachtáin Sceach an óir - Pádraig Ó hArachtáin Máire an chúil bhuí - Pádraig Ó hArachtáin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1081d1, LA_1082d1, LA_1082d2 |
| Céadainm (Canónta) | Pádraig |
| Sloinne (Canónta) | Ó hArachtáin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chorcaí |
| Seoladh | Eadargóil, Béarra, Co. Chorcaí |
| Aois | 24 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Eadargóil, Co. Chorcaí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Beanntraí, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Eadargóil, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Eadargóil, Co. Chorcaí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Eadargóil, Co. Chorcaí |
| Oideachas | Bunscoil, Eadargóil, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais an athar | An Gleann Garbh, Co. Chorcaí |
| Áit dúchais na máthar | Eadargóil, Co. Chorcaí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "ka/w mit geringem hart-nasalier[en]d[em] Einschlag, mittlerer Stimmkraft" (Wilhelm Doegen) |
