Ó Liatháin, Séamas

Grianghraif

Séamas Ó Liatháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann,
                  An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Séamas Ó Liatháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Liatháin (Lyons, Ó Liaháin), Séamas (James) (1877-1934): Sa Churrach, baile fearainn i bparóiste Bhaile Uí Bhéacáin, Tiobraid Árann Theas, a rugadh Séamas Ó Liatháin ar an 16 Meán Fómhair 1877. Is ansin a chuaigh sé ar an mbunscoil. Bhí sé ina chónaí ansin lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003909857/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003298453/]. B'fheirmeoir a athair, Darby (Jeremiah/Diarmuid) Lyons, agus ba í Margaret (Mary) (née Doody) a mháthair. B'fheirmeoir Séamas chomh maith. Phós sé Ellen (Helen) Hogan, as Cnoc Peirí, i bparóiste an Chaisleáin Nua in aice láimhe, ar an 24 Feabhra 1906. Rugadh seisear clainne dóibh, ach fuair beirt acu bás go hóg. Fuair an Liathánach féin bás le niúmóine ar an 6 Eanáir 1934. Fuair a bhean chéile bás leis an ngalar céanna roinnt laethanta roimhe agus cuireadh an bheirt acu in uaigh mhuintir Ógáin i seanreilig an Chaisleáin Nua. Féach Proinsias Ó Drisceoil, 'Séamas Ó Liatháin: Labhairt agus Taifeadadh na Gaeilge i nGaeltacht Thiobraid Árann', An Linn Bhuí 20 (2016), mar a bhfuil breis eolais faoin Liathánach agus faoi bhreac-Ghaeltacht Thiobraid Árann.

Chomh maith leis an dá scéal ó Shéamas atá le fáil ar an suíomh seo, thaifead Doegen leagan Shéamais de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh; ní mhaireann an taifead sin, áfach, toisc gur briseadh an mhaitrís chéarach ar an mbealach go Beirlín agus níor táirgeadh aon cheirnín seileaic.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/25, Doegen P-B/26
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1055, LA 1056
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoFear bocht i dtigh ósta - Séamas Ó Liatháin
Gleann Gabhla agus Gleann Bríde - Séamas Ó Liatháin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1056d1, LA_1056d2
Céadainm (Canónta)Séamas
Sloinne (Canónta)Ó Liatháin
Leagan(acha) eile den chéadainmJames
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Liaháin
  • Lyons
Contae dúchaisCo. Thiobraid Árann
SeoladhAn Currach, An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Aois52
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Currach, Co. Thiobraid Árann
Baile mór is gaire don áit bhreitheAn Chathair, Co. Thiobraid Árann
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Currach, Co. Thiobraid Árann
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Currach, Co. Thiobraid Árann
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Currach, Co. Thiobraid Árann
OideachasBunscoil, An Currach, Co. Thiobraid Árann
Áit dúchais an atharAn Currach, Co. Thiobraid Árann
Áit dúchais na mátharAn Currach, Co. Thiobraid Árann
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.