Ó Maoilchiaráin, Labhrás
Nóta beathaisnéise
Ó Maoilchiaráin (Comer), Labhrás (Lawrence, Laurence) (c.1868-?): I Lisín na hEilte, Gleann na Madadh, contae na Gaillimhe, a rugadh Labhrás Ó Maoilchiaráin timpeall na bliana 1868. Is ansin a chuaigh sé ar an mbunscoil. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Agus é ina fhear fásta, chaith sé ceithre bliana i Sasana. Bhí sé ar ais i Lisín na hEilte le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000818069/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000818069/]. Phós sé a bhean chéile, Nóra, thart ar 1910.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/175 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1140 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Scéal an Chiardhubhánaigh - Labhrás Ó Maoilchiaráin Bláth bán na hairne - Labhrás Ó Maoilchiaráin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1140g1, LA_1140g2 |
| Céadainm (Canónta) | Labhrás |
| Sloinne (Canónta) | Ó Maoilchiaráin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | LaurenceLawrence |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | Lisín na hEilte, Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 62 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Lisín na hEilte, Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe. Chaith ceithre bliana i Sasana. |
| Oideachas | Bunscoil, Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais an athar | Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
