An feirmeoir agus an buachaill - Domhnall Ó Céilleachair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí feirmeoir ann agus bhí sé ag dul go dtí an t-aonach le tarbh. D'éirigh sé féin agus a bhuachaill i ndeireadh na hoíche. Dúirt sé leis an mbuachaill dul amach agus féachaint ar an gcráin mhuice ar eagla go mbeadh sí beirthe. Chuaigh an buachaill amach. Tháini' sé isteach agus dúirt sé go rug[1] an chráin.

"Cá bhfuil na bannaí? (An mó iad) na bannaí?" arsa an feirmeoir.

"D'ith na muca eile iad," ar seisean.

"Is olc é," arsa an feirmeoir, "ach téir amach arís agus féach an bhfeicfeá aon ní eile."

Chuaigh sé amach agus tháini' sé isteach arís. "Do leag an tarbh cruach na tuí," ar seisean.

"Ní maith é sin leis," arsa an feirmeoir. "Ach téir amach arís agus féach timpeall ort. Féach an bhfeicfeá aon ní eile."

"Ní raghad," arsa an buachaill.

"Caithfir dul," arsa an feirmeoir. "Níl an véarsa críochnaithe agat fós."

Chuaigh sé amach an tríú huair. D'fhéach sé timpeall air agus bhuail sé isteach.

"Cad a chonaicís anois?" arsa an feirmeoir.

"Ní fhaca pioc," ar seisean. "Tá na réilthíní ar dearglasadh ag cuir sheaca. Féach tóin an chait sa luaith."

Ansan dúirt an feirmeoir, "Tá an véarsa déanta agat," ar seisean.

"D'ith na tuirc na hairc,
Do leag an damh an tuí,
Na réilthíní ag cuir sheaca,
Tóin an chait sa ghríos."

Aistriúchán

There was a farmer and he was going to the fair with a bull. He and his boy woke up at the end of the night. He told the boy to go out and look at the sow in case she had given birth. The boy went out. He came in and said that the sow had given birth.

"Where are the piglets? (...) piglets?" said the farmer.

"The other pigs ate them," said he.

"That's terrible," said the farmer, "but go out again to see if you see anything else."

He went out and he came in again. "The bull knocked down the haystack," he said.

"That's not good either," said the farmer. "But go out again and look around you. See if you see anything else."

"I won't," said the boy.

"You'll have to go," said the farmer. "You haven't finished the verse yet."

He went out a third time. He looked around him and went back in.

"What did you see this time?" said the farmer.

"I didn't see anything," he said. "The stars are shining brightly and making frost. Look at the cat's bottom in the ashes."

Then the farmer said, "You have made the verse," he said.

"The boars ate the piglets,
The ox knocked over the hay,
The stars are making frost,
The cat's bottom is in the hot ashes."

Fonótaí

Leg. riug? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 527. (Back)

Tráchtaireacht

Scéal é seo as sraith scéalta a bailíodh agus a foilsíodh in alt in Béaloideas 3 (1931) ina bpléitear filíocht á cumadh gan ullmhú. Téann móitíf seo na filíochta á cumadh go spontáineach siar go dtí an litríocht Ghaeilge is luaithe, ina léiríonn filí a gcuid oiliúna agus an cumas fileata atá iontu agus iad ag aithris filíochta gan ullmhú. Mhair scéilíní dá leithéid sa traidisiún béil, agus bhí an-tóir ar ábhar den sórt seo i scéalta mar gheall ar fhilí mór le rá san ochtú agus sa naoú céad déag. Féach 'Filidheacht a gan fhios' in Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39: 238. Tá gnéithe a bhaineann le béaloideas na haimsire sa scéal seo leis. Labhraíonn an file mar gheall ar chat a bhfuil a dhroim nó a chúl leis an tine; d'áirítí sa traidisiún gur chomhartha stoirme nó drochaimsire a bhí ina leithéid. Féach Micheál Ó Cinnéide, 'Tuartha aimsire i mbéaloideas na hÉireann', Béaloideas 52 (1984), 35-69: 49.

Teideal i mBéarla: The farmer and the servant-boy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Domhnall Ó Céilleachair as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:26 nóiméad ar fad.