An buachaill aimsire agus an cailín (cuid 1) - Séamas Ó Scolaí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do bhí buachaill agus cailín ag feirmeoir i mBarr Iarthach na nae-... na Mangartan in aimsir ar feadh chúig mblian. Do phósadar ansan. Nuair a fuair sé go rabhadar pósta do chomhairigh sé a dtuarastal chútha agus dúirt sé ná coinneodh sé féinig níosa shia iad. Agus d'iompaigh sé amach iad.

Do fuaireadar cró gabhar a bhí ag duine dos na comharsanaibh agus do shocraíodar é. D'fhanadar ansan i dteannta a chéile agus i gcionn bliana do saolaíodh mac dóibh. Bhí sé ag obair ansan i measc na gcomharsan ar feadh bliana eile. Agus dúirt sé lena mhnaoi go raibh a sparán ag dul i laghad agus go raghadh sé i measc na bhfeirmeoirithe go contae Luimnigh mar go rabhadar saibhir ann. D'aontaigh sí leis.

Ar maidin amáireach do thiomáin sé leis agus níor stad sé go bhfuair sé isteach go contae Luimnigh. Chuaigh sé ansan isteach go tigh feirmeora agus d'iarr sé lóistín na hoíche agus dúirt bean an fheirmeora leis go bhfaigheadh. Do tháinig an feirmeoir isteach agus d'fháilthigh sé roimis. D'fhiafraigh sé dhe cé acu buachaill é do bhí ag cuardach máistir nó máistir do bhí ag cuardach buachalla. Dúirt sé leis an bhfeirmeoir gur buachaill é do bhí ag cuardach máistir.

"D'oirfeadh do leithéid 'om," ar seisean. "Cad air go bhfanfá im theannta," ar sin, "ar feadh bliana?" ar seisean.

"Deich bpúint fhichead," ar seisean.

"Tá sé sin ró-mhór," arsa an feirmeoir, ar seisean. "Tabharfaidh mé fiche púnt duit," ar seisean.

"Ní dhéanfadh sé an gnó," arsa an buachaill.

"Tabharfaidh mé chúig phúint fhichead duit," ar seisean.

"Táim sásta," arsa an buachaill, ar seisean.

Ar maidin amáireach d'éirigh sé ar a sé a chlog agus do bhí an feirmeoir ina shuí roimis. D'itheadar an bricfeast agus d'ardaigh an feirmeoir péire capall leis amach insa pháirc. Agus dúirt sé leis an mbuachaill dul ag treabhadh. D'imigh sé féin i bhfeighil a ghnóthan agus d'fhág sé a bhuachaill ag treabhadh. Tháini' sé im thráthnóna agus do chonaic sé obair an bhuachalla agus do bhí sé sásta go leor. Agus dúirt sé leis go raibh sé in am staid agus nár theastaigh uaidh bheith ag obair ' rith na hoíche i dteannta an lae. Ansan do thánadar abhaile agus do bhí a suipéar acu.

Aistriúchán

A farmer in Baurearagh in the Mangerton Mountains kept a boy and a girl as servants for five years. Then they got married. When he found that they were married he paid out their wages and he said he wouldn't keep them any longer. And he turned them out.

They found a goat shed belonging to one of the neighbours and they fixed it up. They stayed there together and after a year a son was born to them. He was working there with the neighbours for another year. And he told his wife his purse was dwindling and that he would go with the farmers to county Limerick because people were rich there. She consented.

The following morning he set off and he didn't stop until he got to county Limerick. Then he went into a farmer's house and he asked for shelter for the night and the farmer's wife told him he would get it. The farmer came in and he welcomed him. He asked him whether he was a servant boy who was looking for a master or a master looking for a servant boy. He told the farmer he was a servant boy looking for a master.

"I could do with someone of your kind," he said. "How much for you to stay with me," he said, "for a year?" he said.

"Thirty pounds," he said.

"That's too much," said the farmer, he said. "I will give you twenty pounds," he said.

"That won't do," said the boy.

"I will give you twenty-five pounds," he said.

"I'm satisfied," said the boy, he said.

The following morning he woke at six o'clock and the farmer was up before him. They ate breakfast and the farmer brought a pair of horses out to the field with him. And he told the boy to go ploughing. He himself went to look after his business and he left the boy ploughing. He came in the evening and saw the boy's work and he was happy enough. And he told him it was time to stop and that he didn't want to work during the night as well as during the day. And then they came home and they had their supper.

Tráchtaireacht

Tá mórán scéalta ann sa bhéaloideas idirnáisiúnta ina dtéann seirbhíseach nó buachaill feirme ar aimsir ar feadh tréimhse ama, ach bíonn móitíf, eachtra nó scéilín de shaghas éigin laistigh den scéal féin iontu go léir. Mar shampla, sna scéalta a rangaítear faoi ATU 1000-1029 Labour contract pléitear le socruithe nó margaí a dhéanann máistir agus buachaill feirme maidir le tréimhse ar aimsir. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). D'fhéadfadh sé go bhfuil an sampla seo, maraon le cuid 2, bunaithe ar a leithéid de scéal ina ghnáithe ginearálta, ach ní cosúil go dtarlaíonn aon eachtraí eile mar chuid den phlota anseo. Níl ann ach cuntas ar fhear óg a théann ar aimsir, a thuilleann airgead, agus a thagann abhaile go dtí a bhean nuair atá an conradh suas. Mar sin a bhí an saol ag cuid de mhuintir na hÉireann nuair a bhíodh an scéal seo á insint, agus bhí ról tábhachtach ag spailpíní agus seirbhísigh i saol eacnamaíoch na linne. Féach Cormac Ó Gráda, 'Seasonal migration and post-famine adjustment in the west of Ireland', Studia Hibernica 13 (1973), 48-76.

Teideal i mBéarla: The servant boy and the girl (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Scolaí as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 15:15:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 15:15:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1079d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1079d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:34 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1079d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:32 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1079d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:32 nóiméad ar fad.