Ag teacht ón Aifreann - Séamas Ó Scolaí


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Do chuas lá Domhnaigh go dtí an tAifreann le cois m'athar. Agus nuair a bhí an tAifreann léite d'iompaigh sé abhaile ón séipéal agus mise ina dhiaidh, é féin agus comharsa dhó. Bhí sé ag cur de romham amach agus do thugas-sa neamhshuim ann agus do chuaigh sé amú orm. Ansan do chuas as an mbóthar agus do bhíos ag gol. Do chuas timpeall ceathrú mhíle agus do chonac go raibh tigh scoile ansan. Do chasas thar n-ais agus do thánag ar an mbóthar arís. Do bhuail comharsain 'om ann agus d'aithin sé mé.

"A Shéamais," ar seisean, "cad tá ort?" ar seisean.

"Táim amú," arsa mise. "Bhíos le cois mh'athar agus d'imigh sé uaim," arsa mise, "agus ní aimseoinn an bóthar."

Do rug sé ar láimh orm agus do thug sé abhaile mé go dtí mh'athair agus mo mháthair agus do bhíodar ana-bhaoch de.

Aistriúchán

One Sunday I went to Mass along with my father. And when the Mass was read he headed home from the church and I was behind him, him and a neighbour of his. He was heading off in front of me and I didn't pay attention to him and I lost him. Then I went off the road and I was crying. I went about a quarter of a mile and I saw that there was a schoolhouse there. I turned back and found the road again. A neighbour of mine bumped into me there and he recognized me.

"Séamas," he said, "what's wrong?" he said.

"I'm lost," I said. "I was with my father and he went away from me," I said, "and I couldn't find the road."

He took me by the hand and he brought me home to my father and mother and they were very grateful to him.

Tráchtaireacht

Is scéilín pearsanta é seo á insint ag an údar mar gheall air féin nuair a bhí sé ina leanbh agus is cosúil nach bhfuil aon ábhar béaloidis ann.

Teideal i mBéarla: Coming from Mass
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Scolaí as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 16:25:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 16:25:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1080d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1080d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:08 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1080d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1080d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad.