Ó Laoghaire, Mícheál

Nóta beathaisnéise

Ó Laoghaire (Ó Laere, O'Leary), Mícheál (Míhál, Michael) (c.1862-?): Sa Chloch Fhionn, in aice le Baile Uí Dhonnagáin, contae Chorcaí, a rugadh Mícheál Ó Laoghaire, timpeall na bliana 1862. D'fhreastail sé ar an mbunscoil gar don Chloch Fhionn. B'fheirmeoir é, ar nós a athar. Chaith sé dhá bhliain déag i Meiriceá c. 1885-97. I ndiaidh dó filleadh ó Mheiriceá, bhí sé ina chónaí i Ros Mhic Eoghain (agus/nó Baile Uí Dhonnagáin?), Béarra, contae Chorcaí.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/47, Doegen P-B/48
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1077, LA 1078
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Mícheál Ó Laoghaire
An tabharthas a thug Feoras go hOileán Baoi - Mícheál Ó Laoghaire
Eascaine Mhuireann na nAmhrán - Mícheál Ó Laoghaire
Mo dhíth agus mo léan - Mícheál Ó Laoghaire
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1077d1, LA_1078d1, LA_1078d2, LA_1078d3
Céadainm (Canónta)Mícheál
Sloinne (Canónta)Ó Laoghaire
Leagan(acha) eile den chéadainmMíhálMichael
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Laere
  • O'Leary
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhRos Mhic Eoghain (nó Ballydonegan (?), Béarra, Co. Chorcaí)
Aois62
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCloghfune (?), in aice le Ballydonegan (?), Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Cloghfune (?), Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Cloghfune (?), Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20I Meiriceá ar feadh 12 bhliain ó aois a 19 go 31; i Ros Mhic Eoghain, Co. Chorcaí, ina dhiaidh sin.
OideachasBunscoil, gar do Cloghfune (?), Co. Chorcaí
Áit dúchais an atharParóiste na nAilichí, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharNa hAoraí, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."d/ha mit geringem weich nasalierendem Einschlag, mittlerer Stimmkraft, mittlere[r] stimmloser Konsonanz." (Wilhelm Doegen)