Ó Néill, Pádraig

Nóta beathaisnéise

Ó Néill (O'Neill), Pádraig (Pádhraic, Patrick) (c.1867-?): In Ard Géinín, Baile Chláir, contae na Gaillimhe, a rugadh Pádraig Ó Néill timpeall na bliana 1867. Is cosúil gur ansin a chónaigh sé ar feadh a shaoil. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Bhí ‘Patrick O’Neill’ lonnaithe lena theaghlach in Ard Géinín le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000848521/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000848521/]. De réir na ndaonáireamh, phós sé a bhean chéile, Margaret, timpeall na bliana 1895. Faoi 1911 bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Mhair Ó Néill go dtí go raibh sé ar a laghad 74 (c. 1941), óir bailíodh ábhar béaloidis uaidh sa bhliain sin. Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Sholáthair Pat Craven 'Seán Mac Éil', a fuair sé ó Phádhraic Ó Néill, do Ar Aghaidh (Aibreán, 1933). Foilsíodh 'Grádh Geal Mo Chroidhe', a chum Pádraig Ua Néill, in An Gaodhal (Iúil, 1901).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/182
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1150, LA 1152
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoTomás Bán Mac Aogáin - Pádraig Ó Néill
Mainistir Bhaile an Chláir - Pádraig Ó Néill
An bráithrín buartha - Pádraig Ó Néill
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1150d1, LA_1150d2, LA_1152g1
Céadainm (Canónta)Pádraig
Sloinne (Canónta)Ó Néill
Leagan(acha) eile den chéadainmPatrickPádhraic
Leagan(acha) eile den sloinne
  • O'Neill
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhArd Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Aois63
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheArd Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheGaillimh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Ard Géinín, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharArd Géinín, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharCeathrú an Bhrúnaigh, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl (amhránaíocht thraidisiúnta amháin)
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille, Myles Dillon
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Clear musical voice." (Myles Dillon)