Ó Scolaí, Séamas

Nóta beathaisnéise

Ó Scolaí (Ó Sgolaí, Scully), Séamas (James, Jacobus) (1868-?): I gCrosdoire, An Gleann Garbh, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 21 Aibreán 1868. Ba iad Jeremiah Scully, feirmeoir, agus Catherine Sullivan a thuismitheoirí. B'fheirmeoir é féin chomh maith. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmeáilte riamh. I gCrosdoire a chónaigh sé ar feadh a shaoil, lasmuigh de thréimhsí fada sa Bhreatain Bheag. Phós sé a bhean chéile, Julia, timpeall 1902. Bhí triúr iníon acu agus mac amháin i 1911. Féach daonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000499101/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001824261/].

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/49, Doegen P-B/50
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1079, LA 1080
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn buachaill aimsire agus an cailín (cuid 1) - Séamas Ó Scolaí
An buachaill aimsire agus an cailín (cuid 2) - Séamas Ó Scolaí
Paidir an Tiarna - Séamas Ó Scolaí
Murchadh agus Maonas - Séamas Ó Scolaí
Ag teacht ón Aifreann - Séamas Ó Scolaí
An triúr deartháir - Séamas Ó Scolaí
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1079d1, LA_1079d2, LA_1079d3, LA_1080d1, LA_1080d2, LA_1080d3
Céadainm (Canónta)Séamas
Sloinne (Canónta)Ó Scolaí
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Sgolaí
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhCrossterry (?), An Gleann Garbh, Co. Chorcaí
Aois60
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCrossterry (?), Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheBeanntraí, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Crossterry (?), Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Crossterry (?), Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Crossterry (?), Co. Chorcaí, taobh amuigh de chuairteanna fada ar an mBreatain Bheag thar thréimhse 10 mbliana.
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharCrossterry (?), Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharGar do Crossterry (?), Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeNíl aon teanga eile aige.
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."hell/ha mit nasalierend weichem Einschlag. mittlere Stimmkraft , geringe Konsonanz, nasalierend klingende Stimme" (Wilhelm Doegen)