Turraoin, Mícheál

Grianghraif

Mícheál Turraoin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An
                  Coláiste Ollscoile, BÁC)
Mícheál Turraoin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Turraoin (Traoin, Terry), Mícheál (Míhál, Maidhc Dháith) (1878-1963): Sa Pháirc ar Chnocán an Phaoraigh Íochtarach, paróiste na Rinne, contae Phort Láirge a rugadh é ar an 20 Márta 1878. Ba é Dáibhidh Turraoin, iascaire, a athair, agus ba í Siobhán Ní Mhuirighthe a mháthair. Díshealbhaíodh an teaghlach agus chónaigh siad i dteach Shiobhán Ní Churraoin, comharsa leo, ar feadh roinnt blianta sula bhfuair siad teach i mBaile na nGall Beag. Níor fhoghlaim Mícheál Turraoin léamh ná scríobh riamh. Ba oibrí é a chaith tamaill ag iascaireacht, ag aoireacht, ag déanamh obair feirme, ag obair ar bhóithre agus ag obair mar sheirbhíseach, i measc rudaí eile. Bhí sé i mBaile Uí Churraoin, fostaithe mar oibrí feirme le linn dhaonáireamh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001246551/]. Phós sé Bríd Ní Bheaglaoich i 1902 agus chuaigh chun cónaithe ina teach siúd. I mBaile Mhac Airt Íochtarach a bhí siad lonnaithe le linn dhaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003477745/]. Bhí cúig pháiste dhéag acu. Fostaíodh Mícheál mar sheanchaí agus fear oibre i gColáiste na Rinne. Fuair sé bás ar an 13 Deireadh Fómhair 1963, in St. Joseph's Home i nDún Garbhán. Don ábhar seanchais a bailíodh uaidh féach, mar shampla, Mícheál Ó Cionnfhaolaidh, Beatha Mhichíl Turraoin, maille le sceulta agus seanachas (BÁC, 1956), agus Máirtín Verling (eag.), Leabhar Mhaidhc Dháith: scéalta agus seanchas ón Rinn (An Daingean, 2007). Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá cuid mhaith eolais faoi Mhícheál Turraoin cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=0683. Tá breis eolais faoi sa dírbheathaisnéis a scríobh Mícheál Ó Cionnfhaolaidh síos uaidh (Ó Cionnfhaolaidh, op. cit.), agus in Máirtín Verling, op. cit.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/20, Doegen P-B/21
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1050, LA 1051
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Mícheál Turraoin
Uimhreacha - Mícheál Turraoin
An garsún bán - Mícheál Turraoin
Bean an Chárthaigh - Mícheál Turraoin
An bhean phósta - Mícheál Turraoin
Bean an doichill - Mícheál Turraoin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1050d1, LA_1050d2, LA_1051d1, LA_1051d2, LA_1051d3, LA_1051d4
Céadainm (Canónta)Mícheál
Sloinne (Canónta)Turraoin
Leagan(acha) eile den chéadainmMíhál
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Traoin
Contae dúchaisCo. Phort Láirge
SeoladhAn Rinn, Co. Phort Láirge
Aois59
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Rinn, Co. Phort Láirge
Baile mór is gaire don áit bhreitheDún Garbháin, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Rinn, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Rinn, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Rinn, Co. Phort Láirge
OideachasBunscoil, Co. Phort Láirge
Áit dúchais an atharAn Rinn, Co. Phort Láirge
Áit dúchais na mátharAn Rinn, Co. Phort Láirge
Slí bheatha an atharIascaire
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaOibrí
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."[md?]/ha mit weich. vibrat. Nasalwirkung Einschlag. Mittere Stimmkraft schnelles Tempo." (Wilhelm Doegen)