Ó Dálaigh, Tomás
Tue, 11/29/2011 - 15:40 | by Eoghan
Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.
Nóta beathaisnéise
Ó Dálaigh (Ó Dála, Daly), Tomás (Thomas) (c.1868-?): I nDún Chaoin, contae Chiarraí, a rugadh Tomás Ó Dálaigh timpeall na bliana 1868. Is ansin a fuair sé a chuid bunscolaíochta. Bhí sé ina chónaí ansin le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000861851/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002480174/]. Phós sé a bhean chéile, Johanna, timpeall 1899. Bhí seisear páistí acu i 1911. Tá ábhar eile a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/58, Doegen P-B/59 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1089, LA 1090 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Scológ liath an earraigh - Tomás Ó Dálaigh Buachaill aimsire Dhonncha Uí Bhriain - Tomás Ó Dálaigh Paidir an Tiarna; an tÁivé Máiria - Tomás Ó Dálaigh An buachaill aimsire cortha dá bheatha - Tomás Ó Dálaigh Nathanna cainte éagsúla - Tomás Ó Dálaigh Uimhreacha - Tomás Ó Dálaigh |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1089d1, LA_1089d2, LA_1089d3, LA_1090d1, LA_1090d2, LA_1090d3 |
| Céadainm (Canónta) | Tomás |
| Sloinne (Canónta) | Ó Dálaigh |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Thomas |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | Dún Chaoin, An Daingean, Co. Chiarraí |
| Aois | 60 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Daingean, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Oideachas | Bunscoil, Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais an athar | Dún Chaoin, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Ceann Trá, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "mh/ha mit dunkl[em?] vibrationa[…] [und?] gering nasalierend […]einschlag. Mittlere Stimmkraft; geringe stimmlose Konsonanz. mittleres Tempo" (Wilhelm Doegen) |
