Ó Súilleabháin, Proinnsias

Nóta beathaisnéise

Ó Súilleabháin (Sullivan), Proinnsias (Pronnséas, Proinsias) (1889/90-1956): In Eagargóil, Beanntraí, contae Chorcaí, a rugadh é ar an 13 Feabhra 1890, de réir an eolais ar an bhfoirm Personal-Bogen; ar an 13 Deireadh Fómhair 1889 a rugadh é de réir Ainm.ie. Ba é Eugene Sullivan, feirmeoir, a athair, agus is ina theach siúd a bhí Proinnsias ina chónaí le linn dhaonáireamh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000500136/]. Chuaigh sé ar an mbunscoil in Eadargóil, agus fuair sé céim i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Claith, roimh PhD a bhaint amach in Ollscoil Freiburg na Gearmáine sa tréimhse 1920-25. Chaith Ó Súilleabháin sealanna i mBaile Átha Cliath, i Luimneach, i bhFreiburg agus i nGaillimh. Chaith sé tamaill chomh maith i gceantair Phort Láirge agus Chill Chainnigh. Nuair a chuaigh sé ar a phinsean i 1955, bhí cónaí air ag 16 Oakley Drive, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath. Bhí postanna múinteoireachta, timireachta agus cigireachta ag Ó Súilleabháin, agus baint aige le Conradh na Gaeilge ó 1910 ar aghaidh. I 1941 bhí sé ina stiúrthóir ar an gcéad chúrsa bliana de chuid na Roinne Oideachais chun múinteoirí agus timirí Gaeilge a oiliúint. Taobh amuigh de shaol an oideachais, cháiligh sé mar abhcóide sa bhliain 1949. Tar éis dó dul ar a phinsean, fuair sé post sa Ghearmáin i gcomhlacht leictreachais AEG. Bhí Proinnsias pósta le Ilse Koehling, bean ar bhuail sé léi fad is a bhí sé ina chónaí in Freiburg. Bhí mac agus iníon acu. Fuair sé bás ar an 27 Feabhra 1956, agus cuireadh é i nGlas Naíon. Don ábhar béaloidis a bailíodh uaidh, féach Risteárd de hAe, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge (BÁC, 1938-40), innéacs. Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Scríobh agus chuir sé eagar ar leabhair phróis, fhilíochta agus sheanchais do pháistí agus do dhaoine fásta. Tá cuid mhaith eolais faoi Phroinnsias Ó Súilleabháin cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=548. Tá breis eolais beathaisnéise ar fáil in 'Proinsias on the war path!' in An tSiúr De Lourdes Stack, As we lived it (The Kerryman Limited, 1980). Féach chomh maith an píosa le hAindrias Ó Muimhneacháin, ag labhairt faoi ar Raidió Éireann, i gcló in Inniu (2 Márta 1956).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/60
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1091
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoComhrá samplach - Proinnsias Ó Súilleabháin
Ceisteanna samplacha - Proinnsias Ó Súilleabháin
Nathanna cainte éagsúla - Proinnsias Ó Súilleabháin
Uimhreacha - Proinnsias Ó Súilleabháin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1091d1, LA_1091d2, LA_1091d3, LA_1091d4
Céadainm (Canónta)Proinnsias
Sloinne (Canónta)Ó Súilleabháin
Leagan(acha) eile den chéadainmPronnséas
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Sullivan
Contae dúchaisCo. Chorcaí
SeoladhEadargóil, Beanntraí, Co. Chorcaí
Aois38
Dáta breithe1890-02-13
Áit bhreitheEadargóil, Beanntraí, Co. Chorcaí
Baile mór is gaire don áit bhreitheBeanntraí, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Eadargóil, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Eadargóil, Co. Chorcaí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Baile Átha Cliath; Luimneach; an Ghearmáin.
OideachasBunscoil, Eadargóil, Co. Chorcaí; Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath; Freiburg.
Áit dúchais an atharEadargóil, Co. Chorcaí
Áit dúchais na mátharEadargóil, Co. Chorcaí
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla agus Gearmáinis
In ann léamh?Tá (Gaeilge, Béarla, Gearmáinis agus Fraincis)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge, Béarla, Gearmáinis agus Fraincis)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaCigire scoile (Ciarraí Theas) ("Schulrat des Bezirkes Cerry (Süden)")
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Wilhelm Doegen
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."mh/dunkel mit etwas nasalierendem Einschlag." (Wilhelm Doegen)