Ruddy, Sally

Nóta beathaisnéise

Ruddy (Ní Rodaigh), Sally (Saile, Sarah) (Mrs. Pat Coyne, Bean Phádraic Uí Chadhain) (1867-?): I mBaile an Ghleanna, An Líonán, contae na Gaillimhe, a rugadh Sally Ruddy ar an 29 Márta 1867. Ní bhfuair sí aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. Ba iad Pat Ruddy, feirmeoir, agus Bridget Baines (Bearns, Baynes) a tuismitheoirí. Bhí sí ina cónaí i nGleann na nGeimhleach, An Líonán, lena teaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000837911/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002430157/]. Phós sí Pádraic Ó Cadhain (Pat Coyne) timpeall 1888. Faoi 1911, rugadh naonúr páistí dóibh, ach níor mhair ach seisear (iníon amháin agus cúigear buachaillí).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasBaineann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/153
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1114, LA 1115
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoSíos go hIorras - Sally Ruddy
An bhean a chaoin (cuid 1) - Sally Ruddy
An bhean a chaoin (cuid 2) - Sally Ruddy
Tá ceithre coirnéil ar mo leabaidh - Sally Ruddy
Uimhreacha - Sally Ruddy
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1114d1, LA_1114d2, LA_1115d1, LA_1115d2, LA_1115d3
Céadainm (Canónta)Sally
Sloinne (Canónta)Ruddy
Leagan(acha) eile den chéadainmSaile
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ní Rodaigh
  • Uí Chadhain (Bean Phádraic)
  • Coyne (Mrs Pat)
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhGleann na nGeimhleach, An Líonán, Co. na Gaillimhe
Aois68
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheBaile an Ghleanna, An Líonán, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheAn Líonán, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Baile an Ghleanna, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Baile an Ghleanna, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Baile an Ghleanna, Co. na Gaillimhe
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharBun Dorcha, An Líonán, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharBaile an Ghleanna, An Líonán, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheatha"Obair feirmeora"
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille, Myles Dillon
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Clear high voice. Sometimes too fast in speaking."