Mac Coluim, Fionán

Grianghraif

Fionán Mac Coluim, líníocht le Seán Ó Súilleabháin RHA (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann)
Fionán Mac Coluim, líníocht le Seán Ó Súilleabháin RHA (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann)

Nóta beathaisnéise

Mac Coluim (McCallam), Fionán (Ainmneacha cleite: Finghin na Leamhna, Goll Mac Morna) (1875-1966): Rugadh é ar an Sponcán, contae Chiarraí, ar an 28 Lúnasa 1875. Bhí a athair ina thaistealaí tráchtála nó ina cheannaí. De réir an eolais ar an bhfoirm Personal-Bogen, chónaigh Mac Coluim sa Sponcán go dtí aois a sé, ach d'aistrigh an teaghlach go minic, agus tá trácht orthu a bheith i gcontae Aontroma, i gCill Chainnigh agus i gCiarraí i rith an ama sin. Fuair Mac Coluim a chuid meánoideachais sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. Bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath roimh aois a 20 chomh maith. Chuaigh Mac Coluim go Londain Shasana agus é 21 bliain d'aois, timpeall 1896. Bhí postanna aige in Oifig Chláraithe Chiste na Breataine agus in Oifig na hIndia i Londain, agus bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ansin. Bhí sé bainteach leis an gConradh as sin amach, agus ceapadh é mar Ard-Timire nuair a d'fhill sé ar Chiarraí i 1902. Bhí sé ina ionadaí don Chonradh i Meiriceá ar feadh sealanna idir 1912 agus 1916, agus ina bhailitheoir amhrán don Chonradh ina dhiaidh sin freisin. Níos déanaí, bhí sé ina chigire ar ranganna Gaeilge na gCoistí Gairmoideachais. Bhí sé ina bhall den Chumann le Béaloideas Éireann agus de Choimisiún Béaloideasa Éireann. Ceapadh é mar chomhairleoir ceoil don Aire Oideachais idir 1945 agus 1966. Phós Mac Coluim Máirín Nic Craith i gCorcaigh timpeall na bliana 1936. Bhí mac amháin acu. Fuair Mac Coluim bás ar an 16 Nollaig 1966. Don ábhar béaloidis agus do na hamhráin a bhailigh sé, féach Risteárd de hAe, Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge (BÁC, 1938-40), innéacs. Chuir sé eagar ar chnuasaigh amhrán agus d’fhoilsigh sé altanna agus scéalta i dtréimhseacháin éagsúla. D'úsáid sé 'Finghín na Leamhna', 'Goll Mac Morna', 'An Giolla Ruadh' agus 'An Droigheantóir' mar ainmneacha cleite. Tá ábhar uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá breis eolais faoi Fhionán Mac Coluim cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=28.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/61
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1092
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoRaghaidh, raghaidh - Fionán Mac Coluim
Gheobhair é - Fionán Mac Coluim
Tairse abhaile - Fionán Mac Coluim
Hóró damhas is damhas - Fionán Mac Coluim
An bóthar ó thuaidh - Fionán Mac Coluim
Beidh ríl againn - Fionán Mac Coluim
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1092d1, LA_1092d2, LA_1092d3, LA_1092d4, LA_1092d5, LA_1092d6
Céadainm (Canónta)Fionán
Sloinne (Canónta)Mac Coluim
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. Chiarraí
Seoladh64/5 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
Aois53
Dáta breithe1875-08-28
Áit bhreitheAn Sponcán, Co. Chiarraí
Baile mór is gaire don áit bhreitheCill Airne, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Sponcán, Co. Chiarraí
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Corcaigh; Baile Átha Cliath; Londain
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Londain; Éire; Meiriceá.
OideachasBunscoil agus meánscoil, scoileanna de chuid na mBráithre Críostaí, Corcaigh.
Áit dúchais an atharCo. Aontroma
Áit dúchais na mátharCo. Chiarraí
Slí bheatha an atharTaistealaí tráchtála
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge agus Béarla
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Beagán
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaCigire , An Roinn Oideachais
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) Níl faisnéis ar fáil.
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."h/ka mit weiche[m] Einschlag. mittlere Stimmlage geringe Nasalität, mittlere Kon[son]a[n]z" (Wilhelm Doegen)